European Parliament Working Group Against AntisemitismEuropean Parliament Working Group Against Antisemitism
  • Home
  • About us
    • Bureau
    • Secretariat
    • Mission
  • Advisory Board
  • News
    • Meetings
    • Statements
    • Parliamentary activities
    • Experts Blog
  • Media
    • Photos
    • Videos and Podcasts
  • IHRA Definition
    • IHRA Brochure
    • Translations
  • Contact

Irish – Gaelige

IHRA WORKING DEFINITION OF ANTISEMITISM

Definition in Word or
Definition in PDF

Sainmhíniú Sealadach Infheidhme IHRA ar an bhFrithsheimíteachas

 

Tugann an Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chuimhne ar an Uileloscadh rialtais agus saineolaithe le chéile chun oideachas, cuimhneachán agus taighde maidir leis an Uileloscadh a neartú, a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar fud an domhain, agus chun seasamh le gealltanais Dhearbhú Stócólm 2000. An 26 Bealtaine 2016, ghlac 31 bhalltír den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chuimhne ar an Uileloscadh an Sainmhíniú Sealadach Infheidhme ar an bhFrithsheimíteachas, nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí.

 

“Is é is frithsheimíteachas ann ná dearcadh áirithe ar Ghiúdaigh, a d’fhéadfaí a chur in iúl mar fhuath i dtreo na nGiúdach. Léirítear an frithsheimíteachas mar ghníomh cainte nó fisiceach a dhírítear ar Ghiúdaigh, nó ar dhaoine aonair nach Giúdaigh iad, agus/nó i leith a gcuid maoine, agus freisin a dhírítear ar institiúidí agus saoráidí reiligiúnacha an phobail Ghiúdaigh.”

 

Chun treoir a thabhairt do IHRA ina chuid oibre, d’fhéadfaidís seo a leanas feidhmiú mar shamplaí:

 

D’fhéadfaí a áireamh mar léirithe: spriocdhíriú ar Stát Iosrael, ar ceapadh é chun bheith ina chomhroinn Ghiúdach. Ní féidir, áfach, cáineadh a dhéantar ar Iosrael, atá cosúil leis an gcáineadh a dhéantar ar aon tír eile, a mheas mar cháineadh atá frithsheimíteach. De thoradh an fhrithsheimíteachais, is minic a mhaítear go bhfuil Giúdaigh i mbun comhcheilge chun dochar a dhéanamh don chine daonna, agus úsáidtear é go minic chun an milleán a chur ar Ghiúdaigh maidir leis “an gcúis a dtéann rudaí chun donais.” Cuirtear é in iúl sa chaint, sa scríbhneoireacht, in amharcfhoirmeacha agus gníomhaíochtaí, agus úsáidtear steiréitíopaí urchóideacha agus tréithe carachtair diúltacha mar chuid de.

 

Agus an comhthéacs foriomlán á chur san áireamh, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar shamplaí comhaimseartha den fhrithsheimíteachas sa saol poiblí, sna meáin, i scoileanna, san ionad oibre agus sa saol reiligiúnach, ach gan a bheith teoranta do na nithe seo amháin:

 

  • A éileamh go marófaí nó go ndéanfaí dochar do Ghiúdaigh, nó cabhrú nó bonn cirt a thabhairt leo sin, in ainm idé-eolaíocht radacach nó in ainm dearcadh antoisceach creidimh.

 

  • Líomhaintí bréagacha, dídhaonnacha, damnaithe, steiréitipiciúla a dhéanamh in aghaidh Giúdach nó chumhacht na nGiúdach i gcoitinne — amhail, go háirithe ach ní go heisiach, an miotas faoi chomhcheilg dhomhanda Ghiúdach nó an miotas go bhfuil na meáin, an geilleagar, an rialtas nó institiúidí eile de chuid na sochaí faoi smacht ag na Giúdaigh.

 

  • Mí-iompar, atá fíor nó samhalta, a rinne duine Giúdach amháin nó grúpa Giúdach, nó fiú gníomhartha a rinne daoine nach Giúdaigh iad, a chur i leith na nGiúdach mar phobal.

 

  • Fíoras, raon, córais (e.g. seomraí gáis) nó rún chinedhíothú na nGiúdach ag an nGearmáin faoi smacht na Sóisialaithe Náisiúnta agus a lucht tacaithe agus a gcomhchoirithe i rith an Dara Cogadh Domhanda (an tUileloscadh) a shéanadh.

 

  • Cumadh nó áibhéil ar an Uileloscadh a chur i leith na nGiúdach mar phobal, nó Iosrael mar stát.

 

  • Cur i leith saoránaigh Ghiúdacha go bhfuil siad níos dílse d’Iosrael, nó do thosaíochtaí líomhnaithe na nGiúdach ar fud an domhain, seachas do leasanna a gcuid náisiún féin.

 

  • Ceart féinchinntiúcháin a dhiúltú do na Giúdaigh e.g., trína mhaíomh gur iarracht chiníoch é Stát Iosrael a bheith ann.

 

  • Dáthaobhachas a chleachtadh trí iompraíocht a cheangal ar Iosrael nach mbeifí ag súil léi nó á héileamh ó aon tír dhaonlathach eile.

 

  • Siombailí agus íomhánna atá bainteach le frithsheimíteachas tipiciúil (e.g., a mhaíomh gur mharaigh na Giúdaigh Íosa nó leabhlú fola) a úsáid mar thréith de chuid Iosrael nó de chuid na nIosraelach.

 

  • Beartas comhaimseartha Iosrael a chur i gcomparáid le beartas na Naitsithe.

 

  • An milleán a chur ar na Giúdaigh i gcoitinne as gníomhaíochtaí Stát Iosrael.

 

Is gníomhartha coiriúla atá i ngníomhartha frithsheimíteacha nuair a shainmhínítear iad amhlaidh de réir dlí (mar shampla, séanadh an Uileloiscthe nó dáileadh ábhar frithsheimíteach i dtíortha áirithe).

 

Is gníomhartha frithsheimíteacha atá i ngníomhartha coiriúla nuair a roghnaítear spriocanna d’ionsaithe, bíodh daoine nó maoin i gceist, toisc gur Giúdaigh iad, nó toisc go síltear go bhfuil siad bainteach le Giúdaigh – cúr i gcás foirgnimh, scoileanna, ionaid adhartha agus reiligí.

 

Is é is idirdhealú frithsheimíteach ann ná séanadh deiseanna agus seirbhísí do Ghiúdaigh, ar deiseanna agus seirbhísí iad atá ar fáil do dhaoine eile agus tá an t-idirdhealú sin neamhdhleathach i mórán tíortha.

Languages

  • Bulgarian – български
  • Spanish – Español
  • Czech – Čeština
  • Danish – Dansk
  • German – Deutsch
  • Estonian – Eesti
  • Greek – Ελληνικά
  • English
  • French – Français
  • Irish – Gaelige
  • Croatian – Hrvatski
  • Italian – Italiano
  • Latvian – Latviešu valoda
  • Lithuanian – Lietuvių kalba
  • Hungarian – Magyar
  • Maltese – Malti
  • Dutch – Nederlands
  • Polish – Polski
  • Portuguese – Português
  • Romanian – Română
  • Slovak – Slovenčina
  • Slovenian – Slovenščina
  • Finnish – Suomi
  • Swedish – Svenska
  • Privacy Policy
Contact us: Email: [email protected] | Telephone: +32 (0) 2 540 81 59 - All rights reserved